Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Luain, 3 Samhain, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.

Salm 127:2

Dúirt Íosa leis na deisceabail:

Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc. Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti.

Eoin 21:6

Salm 127 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Amhrán Oilithreach. Le Solamh.
Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail,
is saothar amú é do lucht a thógála.
Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint,
is díomhaoin don gharda bheith á faire.
2 Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas,
agus bheith ag airneán go déanach,
sibhse a itheann arán an tsaothair;
óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.
3 Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann;
is tuarastal é toradh na broinne.
4 Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh,
is mar sin do chlann na hóige.
5 Is aoibhinn go deimhin don fhear,
a líon a thruaill leis na saigheada sin,
óir ní bhfaighidh an té sin náire,
agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.

Read more...(to top)

Eoin 21 (An Bíobla Naofa 1981)

3 Dúirt Síomón Peadar leo: “Táimse ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. D’imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac.
4 Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é.
5 Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad á fhreagairt.
6 Dúirt sé leo: “Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc.” Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti.
7 Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime – mar bhí sé gan é – agus chaith sé é féin isteach san fharraige.
8 Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d’iasc ina ndiaidh.
9 Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

It is in vain that you rise up early and go late to rest, eating the bread of anxious toil; for he gives to his beloved sleep.

Psalm 127:2

Jesus said to the disciples, “Cast the net on the right side of the boat, and you will find some [fish].” So they cast it, and now they were not able to haul it in, because of the quantity of fish.

John 21:6

Salm 127 (English Standard Version)

1 Unless the Lord builds the house,
those who build it labor in vain.
Unless the Lord watches over the city,
the watchman stays awake in vain.
2 It is in vain that you rise up early
and go late to rest,
eating the bread of anxious toil;
for he gives to his beloved sleep.
3 Behold, children are a heritage from the Lord,
the fruit of the womb a reward.
4 Like arrows in the hand of a warrior
are the children of one's youth.
5 Blessed is the man
who fills his quiver with them!
He shall not be put to shame
when he speaks with his enemies in the gate.

Read more...(to top)

Eoin 21 (English Standard Version)

3 Simon Peter said to them, “I am going fishing.” They said to him, “We will go with you.” They went out and got into the boat, but that night they caught nothing.
4 Just as day was breaking, Jesus stood on the shore; yet the disciples did not know that it was Jesus.
5 Jesus said to them,
“Children, do you have any fish?”
They answered him, “No.”
6 He said to them,
“Cast the net on the right side of the boat, and you will find some.”
So they cast it, and now they were not able to haul it in, because of the quantity of fish.
7 That disciple whom Jesus loved therefore said to Peter, “It is the Lord!” When Simon Peter heard that it was the Lord, he put on his outer garment, for he was stripped for work, and threw himself into the sea.
8 The other disciples came in the boat, dragging the net full of fish, for they were not far from the land, but about a hundred yards off.
9 When they got out on land, they saw a charcoal fire in place, with fish laid out on it, and bread.

Read more...(to top)