An Briathar do Dé Domhnaigh, 1 Samhain, 2026

Fuair Críost bás ar son cách d’fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d’aiséirigh ó mhairbh.

2 Corantaigh 5:15

Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.

Eabhraigh 13:16