An Briathar do Déardaoin, 9 Bealtaine, 2024
Dúirt Íosa lena dheisceabail:
Tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m’aonar. Ach nílim i m’aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.
Eoin 16:32
Dúirt Críost:
Táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.
Matha 28:20
31
D’fhreagair Íosa iad: “An gcreideann sibh anois? |
32
Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m’aonar. Ach nílim i m’aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram. |
33
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.” |
19 Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, |
20 ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.” |