Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Luain, 20 Bealtaine, 2024

An Bíobla Naofa 1981

Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú.

Leabhar na n-Olagón 1:18

Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Salm 11:6

Leabhar na n-Olagón 1 (An Bíobla Naofa 1981)

15 Na gaiscígh uile a bhíodh agam,
tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;
thug sé slua le chéile i m’aghaidh
chun mo chuid ógánach a chloí;
tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir
ar iníon fhíorógh Iúdá.
16 Sin an fáth a mbím ag caoi
agus ag sileadh na súl go fuíoch
Óir, is fada uaim aon sólásaí
a mhúsclódh mo mheanma arís.
Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe
mar is é an namhaid a rug an bua.
17 Leathann Síón a lámha amach;
níl sólásaí ar bith aici;
thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib
a chomharsana a bheith naimhdeach dó;
rud éigin neamhghlan ina measc
is ea Iarúsailéim.
18 Is cothrom cóir é an Tiarna;
ach bhí mise easumhal dá ordú;
éistigí, mar sin, a chiníocha uile,
agus breathnaígí ar m’ainnise;
tá mo mhaighdeana agus m’ógánaigh
imithe uaim i mbraighdeanas.
19 Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;
ach chlis siad go léir orm;
mo shagairt agus mo sheanóirí uile,
díothaíodh iadsan sa chathair,
nuair a bhí siad ag cuardach bia
chun iad féin a neartú arís.
20 Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis;
tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;
tá mo chroí á shníomh i m’ucht
mar ba mhór ar fad m’easumhlaíocht;
tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh
agus tá an Bás i réim laistigh.
21 [Éist] le mo chuid osnaíola;
níl aon sólásaí ar bith agam;
chuir scéala m’anó áthas ar mo naimhde uile;
ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir;
luathaigh an lá atá fógartha agat,
nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

Read more...(to top)

Salm 11 (An Bíobla Naofa 1981)

3 Ón uair a scriostar na fothaí
cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.
4 Tá an Tiarna ina theampall naofa,
ar neamh atá a chathaoir ríoga.
Breathnaíonn a shúile [na hísle];
tástálann siad clann na ndaoine.
5 Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan,
is fuath leis fear an fhoréigin.
6 Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh:
gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht:
agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

The Lord is in the right, for I have rebelled against his word.

Lamentations 1:18

The Lord is righteous; he loves righteous deeds; the upright shall behold his face.

Psalm 11:7

Leabhar na n-Olagón 1 (English Standard Version)

15 “The Lord rejected
all my mighty men in my midst;
he summoned an assembly against me
to crush my young men;
the Lord has trodden as in a winepress
the virgin daughter of Judah.
16 “For these things I weep;
my eyes flow with tears;
for a comforter is far from me,
one to revive my spirit;
my children are desolate,
for the enemy has prevailed.”
17 Zion stretches out her hands,
but there is none to comfort her;
the Lord has commanded against Jacob
that his neighbors should be his foes;
Jerusalem has become
a filthy thing among them.
18 “The Lord is in the right,
for I have rebelled against his word;
but hear, all you peoples,
and see my suffering;
my young women and my young men
have gone into captivity.
19 “I called to my lovers,
but they deceived me;
my priests and elders
perished in the city,
while they sought food
to revive their strength.
20 “Look, O Lord, for I am in distress;
my stomach churns;
my heart is wrung within me,
because I have been very rebellious.
In the street the sword bereaves;
in the house it is like death.
21 “They heard my groaning,
yet there is no one to comfort me.
All my enemies have heard of my trouble;
they are glad that you have done it.
You have brought the day you announced;
now let them be as I am.

Read more...(to top)

Salm 11 (English Standard Version)

4 The Lord is in his holy temple;
the Lord's throne is in heaven;
his eyes see, his eyelids test the children of man.
5 The Lord tests the righteous,
but his soul hates the wicked and the one who loves violence.
6 Let him rain coals on the wicked;
fire and sulfur and a scorching wind shall be the portion of their cup.
7 For the Lord is righteous;
he loves righteous deeds;
the upright shall behold his face.

Read more...(to top)