Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

>> An Briathar do Dé Luain, 27 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é.

Rómhánaigh 1:19

Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

1 Corantaigh 13:12

Rómhánaigh 1 (An Bíobla Naofa 1981)

16 Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,
17 mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.”
18 Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide.
19 Óir tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é.
20 Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe – a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht – le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,
21 mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.
22 Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d’imigh siad le baois;

Read more...(to top)

1 Corantaigh 13 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach;
10 agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.
11 Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m’éirí suas i m’fhear dom, d’fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.
12 Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.
13 Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Wat can be known about God is plain to men, because God has shown it to them.

Romans 1:19

Now we see in a mirror dimly, but then face to face. Now I know in part; then I shall know fully, even as I have been fully known.

1 Corinthians 13:12

Rómhánaigh 1 (English Standard Version)

16 For I am not ashamed of the gospel, for it is the power of God for salvation to everyone who believes, to the Jew first and also to the Greek.
17 For in it the righteousness of God is revealed from faith for faith, as it is written, “The righteous shall live by faith.”
18 For the wrath of God is revealed from heaven against all ungodliness and unrighteousness of men, who by their unrighteousness suppress the truth.
19 For what can be known about God is plain to them, because God has shown it to them.
20 For his invisible attributes, namely, his eternal power and divine nature, have been clearly perceived, ever since the creation of the world, in the things that have been made. So they are without excuse.
21 For although they knew God, they did not honor him as God or give thanks to him, but they became futile in their thinking, and their foolish hearts were darkened.
22 Claiming to be wise, they became fools,

Read more...(to top)

1 Corantaigh 13 (English Standard Version)

9 For we know in part and we prophesy in part,
10 but when the perfect comes, the partial will pass away.
11 When I was a child, I spoke like a child, I thought like a child, I reasoned like a child. When I became a man, I gave up childish ways.
12 For now we see in a mirror dimly, but then face to face. Now I know in part; then I shall know fully, even as I have been fully known.
13 So now faith, hope, and love abide, these three; but the greatest of these is love.

Read more...(to top)