Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 17 Márta, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d’aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.

Íseáia 53:6

Táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.

Rómhánaigh 5:11

Íseáia 53 (An Bíobla Naofa 1981)

3 ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine,
fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air;
a ndála siúd a gclúdaímid ar n-aighthe ina bhfianaise,
ba tháir agus ba tharcaisne linn é.
4 Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar
agus ár bpianta, ba iad a thromualach.
Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é,
gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.
5 Goineadh é as ucht ár gcoireanna,
bascadh é as ucht ár gcionta.
Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn
agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
6 Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán,
gach aon ag dul a bhealach féin.
Agus d’aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.
7 Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin,
agus níor oscail sé a bhéal.
Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas,
mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha,
níor oscail sé a bhéal.
8 Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é;
cé atá buartha faoina chríoch?
Sea! Teascadh é as tír na mbeo;
as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.
9 Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach
agus tuama i gcuideachta na saibhre,
cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine
agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 5 (An Bíobla Naofa 1981)

8 Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
9 Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?
10 Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?
11 Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.
12 Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.
13 Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann.
14 Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

All we like sheep have gone astray; we have turned—every one—to his own way; and the Lord has laid on him the iniquity of us all.

Isaiah 53:6

We rejoice in God through our Lord Jesus Christ, through whom we have now received reconciliation.

Romans 5:11

Íseáia 53 (English Standard Version)

3 He was despised and rejected by men;
a man of sorrows, and acquainted with grief;
and as one from whom men hide their faces
he was despised, and we esteemed him not.
4 Surely he has borne our griefs
and carried our sorrows;
yet we esteemed him stricken,
smitten by God, and afflicted.
5 But he was wounded for our transgressions;
he was crushed for our iniquities;
upon him was the chastisement that brought us peace,
and with his stripes we are healed.
6 All we like sheep have gone astray;
we have turned—every one—to his own way;
and the Lord has laid on him
the iniquity of us all.
7 He was oppressed, and he was afflicted,
yet he opened not his mouth;
like a lamb that is led to the slaughter,
and like a sheep that before its shearers is silent,
so he opened not his mouth.
8 By oppression and judgment he was taken away;
and as for his generation, who considered
that he was cut off out of the land of the living,
stricken for the transgression of my people?
9 And they made his grave with the wicked
and with a rich man in his death,
although he had done no violence,
and there was no deceit in his mouth.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 5 (English Standard Version)

8 but God shows his love for us in that while we were still sinners, Christ died for us.
9 Since, therefore, we have now been justified by his blood, much more shall we be saved by him from the wrath of God.
10 For if while we were enemies we were reconciled to God by the death of his Son, much more, now that we are reconciled, shall we be saved by his life.
11 More than that, we also rejoice in God through our Lord Jesus Christ, through whom we have now received reconciliation.
12 Therefore, just as sin came into the world through one man, and death through sin, and so death spread to all men because all sinned—
13 for sin indeed was in the world before the law was given, but sin is not counted where there is no law.
14 Yet death reigned from Adam to Moses, even over those whose sinning was not like the transgression of Adam, who was a type of the one who was to come.

Read more...(to top)