An Bíobla Naofa 1981
⛶An Briathar do Dé Céadaoin, 7 Deireadh Fómhair, 2026
Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille: is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.
Salm 16:6
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
1 Tiomóid 6:17
Salm 16
|
5
Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh. |
|
6
Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille: is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé. |
|
7
Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche. |
1 Tiomóid 6
|
16
an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen. |
| 17 Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as. |
| 18 Abair leo an mhaith a dhéanamh, bheith saibhir i ndea-oibreacha, bheith fial flaithiúil lena gcuid |