Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 28 Eanáir, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d’éist an Tiarna, agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

Salm 34:7

I rith na hoíche d’oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo.

Gníomhartha 5:19-20

Salm 34 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Móraigí an Tiarna mar aon liom:
tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d’éist sé liom
agus d’fhuascail sé ó m’eagla go léir mé.
6 Féachaigí chuige agus loinnir oraibh
’s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.
7 Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d’éist an Tiarna,
agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.
8 Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa
thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.
9 Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:
is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
10 A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;
ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.

Read more...(to top)

Gníomhartha 5 (An Bíobla Naofa 1981)

16 Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
17 Ansin chuir an t-ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d’aicme na Sadúcach.
18 Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí.
19 Ach i rith na hoíche d’oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo
20 imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo.
21 Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc.
Tháinig an t-ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín – is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael – agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.
22 Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, d’inis siad an scéal:
23 “Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

This poor man cried, and the Lord heard him and saved him out of all his troubles.

Psalm 34:6

During the night an angel of the Lord opened the prison doors and brought them out, and said, Go and stand in the temple and speak to the people all the words of this Life.

Acts 5:19-20

Salm 34 (English Standard Version)

3 Oh, magnify the Lord with me,
and let us exalt his name together!
4 I sought the Lord, and he answered me
and delivered me from all my fears.
5 Those who look to him are radiant,
and their faces shall never be ashamed.
6 This poor man cried, and the Lord heard him
and saved him out of all his troubles.
7 The angel of the Lord encamps
around those who fear him, and delivers them.
8 Oh, taste and see that the Lord is good!
Blessed is the man who takes refuge in him!
9 Oh, fear the Lord, you his saints,
for those who fear him have no lack!

Read more...(to top)

Gníomhartha 5 (English Standard Version)

16 The people also gathered from the towns around Jerusalem, bringing the sick and those afflicted with unclean spirits, and they were all healed.
17 But the high priest rose up, and all who were with him (that is, the party of the Sadducees), and filled with jealousy
18 they arrested the apostles and put them in the public prison.
19 But during the night an angel of the Lord opened the prison doors and brought them out, and said,
20 “Go and stand in the temple and speak to the people all the words of this Life.”
21 And when they heard this, they entered the temple at daybreak and began to teach.
Now when the high priest came, and those who were with him, they called together the council and all the senate of the people of Israel and sent to the prison to have them brought.
22 But when the officers came, they did not find them in the prison, so they returned and reported,
23 “We found the prison securely locked and the guards standing at the doors, but when we opened them we found no one inside.”

Read more...(to top)