Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Sathairn, 2 Bealtaine, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Tusa a ghráigh na haithreacha.

Deotranaimí 33:3

Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.

1 Eoin 4:19

Deotranaimí 33 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.
2 Dúirt sé:
Tháinig an Tiarna ó Shíonái,
agus d’éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.
Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;
tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,
ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
3 Tusa a ghráigh na haithreacha,
is i do láimh atá na naoimh go léir.
Thiteadar ag do chosa,
agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.
4 (Leag Maois dlí orainn.)
Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.
5 Bhí rí in Isiriún,
nuair a thionóil ceannairí an phobail,
agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.
6 Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,
go maire chomh maith a bheagán slua.

Read more...(to top)

1 Eoin 4 (An Bíobla Naofa 1981)

16 Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.
17 Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo.
18 Ní bhaineann eagla le grá, ach ruaigeann an grá foirfe an eagla amach; ionann a bheith eaglach agus a bheith ag súil le pionós agus an té a bhfuil eagla air ní lánfhoirfe a ghrá.
19 Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.
20 Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.
21 Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Yes, the Lord loved his people.

Deuteronomy 33:3

We love because he first loved us.

1 John 4:19

Deotranaimí 33 (English Standard Version)

1 This is the blessing with which Moses the man of God blessed the people of Israel before his death.
2 He said,
“The Lord came from Sinai
and dawned from Seir upon us;
he shone forth from Mount Paran;
he came from the ten thousands of holy ones,
with flaming fire at his right hand.
3 Yes, he loved his people,
all his holy ones were in his hand;
so they followed in your steps,
receiving direction from you,
4 when Moses commanded us a law,
as a possession for the assembly of Jacob.
5 Thus the Lord became king in Jeshurun,
when the heads of the people were gathered,
all the tribes of Israel together.
6 “Let Reuben live, and not die,
but let his men be few.”

Read more...(to top)

1 Eoin 4 (English Standard Version)

16 So we have come to know and to believe the love that God has for us. God is love, and whoever abides in love abides in God, and God abides in him.
17 By this is love perfected with us, so that we may have confidence for the day of judgment, because as he is so also are we in this world.
18 There is no fear in love, but perfect love casts out fear. For fear has to do with punishment, and whoever fears has not been perfected in love.
19 We love because he first loved us.
20 If anyone says, “I love God,” and hates his brother, he is a liar; for he who does not love his brother whom he has seen cannot love God whom he has not seen.
21 And this commandment we have from him: whoever loves God must also love his brother.

Read more...(to top)