Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 28 Iúil, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu.

Matha 6:11

Níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.

1 Tiomóid 6:7-8

Matha 6 (An Bíobla Naofa 1981)

8 Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n-iarrann sibh air iad.
9 Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí:
Ár nAthair, atá ar neamh,
go naofar d’ainm;
10 go dtaga do ríocht;
go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
11 Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu;
12 agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;
13 agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.
14 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.

Read more...(to top)

1 Tiomóid 6 (An Bíobla Naofa 1981)

4 is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras
5 agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht.
6 Is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.
7 Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.
8 Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta.
9 Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.
10 Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.
11 Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Give us this day our daily bread.

Matthew 6:11

We brought nothing into the world, and we cannot take anything out of the world. But if we have food and clothing, with these we will be content.

1 Timothy 6:7-8

Matha 6 (English Standard Version)

8 Do not be like them, for your Father knows what you need before you ask him.
9 Pray then like this:
“Our Father in heaven,
hallowed be your name.
10 Your kingdom come,
your will be done,
on earth as it is in heaven.
11 Give us this day our daily bread,
12 and forgive us our debts,
as we also have forgiven our debtors.
13 And lead us not into temptation,
but deliver us from evil.
14 For if you forgive others their trespasses, your heavenly Father will also forgive you,

Read more...(to top)

1 Tiomóid 6 (English Standard Version)

4 he is puffed up with conceit and understands nothing. He has an unhealthy craving for controversy and for quarrels about words, which produce envy, dissension, slander, evil suspicions,
5 and constant friction among people who are depraved in mind and deprived of the truth, imagining that godliness is a means of gain.
6 Now there is great gain in godliness with contentment,
7 for we brought nothing into the world, and we cannot take anything out of the world.
8 But if we have food and clothing, with these we will be content.
9 But those who desire to be rich fall into temptation, into a snare, into many senseless and harmful desires that plunge people into ruin and destruction.
10 For the love of money is a root of all kinds of evils. It is through this craving that some have wandered away from the faith and pierced themselves with many pangs.
11 But as for you, O man of God, flee these things. Pursue righteousness, godliness, faith, love, steadfastness, gentleness.

Read more...(to top)