Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé hAoine, 12 Meitheamh, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.

Marcas 12:27

Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.

1 Corantaigh 15:22

Marcas 12 (An Bíobla Naofa 1981)

24 Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?
25 Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.
26 Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’
27 Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.”
28 Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?”
29 D’fhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann
30 agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’

Read more...(to top)

1 Corantaigh 15 (An Bíobla Naofa 1981)

19 Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.
20 Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
21 Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith.
22 Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.
23 Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost;
24 agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní.
25 Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

God is not God of the dead, but of the living.

Mark 12:27

As in Adam all die, so also in Christ shall all be made alive.

1 Corinthians 15:22

Marcas 12 (English Standard Version)

24 Jesus said to them,
“Is this not the reason you are wrong, because you know neither the Scriptures nor the power of God?
25 For when they rise from the dead, they neither marry nor are given in marriage, but are like angels in heaven.
26 And as for the dead being raised, have you not read in the book of Moses, in the passage about the bush, how God spoke to him, saying, ‘I am the God of Abraham, and the God of Isaac, and the God of Jacob’?
27 He is not God of the dead, but of the living. You are quite wrong.”
28 And one of the scribes came up and heard them disputing with one another, and seeing that he answered them well, asked him, “Which commandment is the most important of all?”
29 Jesus answered,
“The most important is, ‘Hear, O Israel: The Lord our God, the Lord is one.
30 And you shall love the Lord your God with all your heart and with all your soul and with all your mind and with all your strength.’

Read more...(to top)

1 Corantaigh 15 (English Standard Version)

19 If in Christ we have hope in this life only, we are of all people most to be pitied.
20 But in fact Christ has been raised from the dead, the firstfruits of those who have fallen asleep.
21 For as by a man came death, by a man has come also the resurrection of the dead.
22 For as in Adam all die, so also in Christ shall all be made alive.
23 But each in his own order: Christ the firstfruits, then at his coming those who belong to Christ.
24 Then comes the end, when he delivers the kingdom to God the Father after destroying every rule and every authority and power.
25 For he must reign until he has put all his enemies under his feet.

Read more...(to top)