Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 13 Meitheamh, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla, agus a fhíréantacht do chlann a gclainne nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis, agus go ndéanann siad de réir a thola.

Salm 103:17-18

Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn.

Salm 115:12

Salm 103 (An Bíobla Naofa 1981)

14 Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn
agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
15 Is cosúil ré an duine le féar;
bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.
16 Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,
agus ní fios dá ionad féin é feasta.
17 Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí
don dream ar a mbíonn a eagla,
18 agus a fhíréantacht do chlann a gclainne
nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,
agus go ndéanann siad de réir a thola.
19 Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;
agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.
20 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna
a dhéanann a réir go cumasach,
agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.
21 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,
a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

Read more...(to top)

Salm 115 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10 Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
11 Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12 Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;
beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13 Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,
idir mhion agus mhór in éineacht.
14 Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,
sibhse agus bhur gclann go léir.
15 Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh
ón té a rinne neamh agus talamh.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

The steadfast love of the Lord is from everlasting to everlasting on those who fear him, and his righteousness to children's children, to those who keep his covenant and remember to do his commandments.

Psalm 103:17-18

The Lord has remembered us; he will bless us.

Psalm 115:12

Salm 103 (English Standard Version)

14 For he knows our frame;
he remembers that we are dust.
15 As for man, his days are like grass;
he flourishes like a flower of the field;
16 for the wind passes over it, and it is gone,
and its place knows it no more.
17 But the steadfast love of the Lord is from everlasting to everlasting on those who fear him,
and his righteousness to children's children,
18 to those who keep his covenant
and remember to do his commandments.
19 The Lord has established his throne in the heavens,
and his kingdom rules over all.
20 Bless the Lord, O you his angels,
you mighty ones who do his word,
obeying the voice of his word!
21 Bless the Lord, all his hosts,
his ministers, who do his will!

Read more...(to top)

Salm 115 (English Standard Version)

9 O Israel, trust in the Lord!
He is their help and their shield.
10 O house of Aaron, trust in the Lord!
He is their help and their shield.
11 You who fear the Lord, trust in the Lord!
He is their help and their shield.
12 The Lord has remembered us; he will bless us;
he will bless the house of Israel;
he will bless the house of Aaron;
13 he will bless those who fear the Lord,
both the small and the great.
14 May the Lord give you increase,
you and your children!
15 May you be blessed by the Lord,
who made heaven and earth!

Read more...(to top)