Skip navigation and move to Contents...

An Bíobla Naofa 1981

⛶An Briathar do Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair, 2026

Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!

1 Samúéil 7:12

Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia.

Salm 146:5

1 Samúéil 7

11 Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n-eirleach chomh fada le Béit Cár.
12 Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”
13 Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.

Salm 146

4 Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré
agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
5 Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;
a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
6 an té a rinne neamh agus talamh,
an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.
An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
ga An Bíobla Naofa 1981